School: An Gleann Mór (roll number 13973)
- Location:
- An Gleann Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire T. Ní Chonaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann Mór
- XML Page 068
- XML “Aonach an Phoic”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear agus a bhean ‘na gcómhnuidhe inaice le Cill Orglain sar ar rugadh tusa ná mise. Bhíodh an bhean i gcómhnuidhe ag gabhaílte dón bhfear.
D’eirigh sé tuirseach di sa dheireadh agus dubhairt go nimteóchadh sé uaithe ar fad ná bheadh a thuille baint aige leíthe. Amach an doras leis go dian mhoch ar maidin. Ní raibh sé i bhfad ag siubhal nuair do casadh air pocán mhór gabhair. D’fhiafraigh an phocán dhe cá raibh a thriall chómh luath san ar maidin. D’ innis seisean an an sgeal ‘san cursa go réir dhó. “Tá go maith” arsa an phocán “bainfhead-sa an teasbach de’n ‘Lady’ seo. Tar ar mo dhrom-sa”. Dhein an fear amhlaidh agus bheir greim air bhárr earbaill ar an phocán agus ghluais an beirt leo agus níor staid cos leo go dtí gur bhuaileadar isteach abhaile.
Sháid an phocán a mheigeall sa teine agus ba gheárr go raibh bolaith ró bhreág ar fuid a tighe. Déirigh bean-a-tighe is gan uirthi ach a léine. Pé póirseáll abhí aici sa doirceacht chur sí lámh di ar dhruim an phocáin agus mo lom m’a chur níor bféidir leí i tharrac airís. Ghluais a ghabhair amach an doras agus a bhean ceangailte leis. Thosnuig sí a beícig agus ag ímpíde air í sgaoileadh uaidh in anim Dé dubhairt a’ máighistir leí fanamhaint(continues on next page)- Informant
- Tomás Mac Gearailt
- Gender
- Male
- Address
- Inse Fhearann na gCléireach, Co. Kerry