School: An Gleann Mór (roll number 13973)

Location:
An Gleann Mór, Co. Kerry
Teacher:
Máire T. Ní Chonaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0467, Page 040

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0467, Page 040

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gleann Mór
  2. XML Page 040
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí duine uasal ann. Bhíodh buachaillí aimseardha aige i gcomhnuidh agus sé an obair a bhíodh ar suibhail acu ná bheith ag go?? An bhuachaill ná beadh ábálta ar an ngoid a dheunamh bainfí an ceann de. An cheud buachaill a tháinig ní raibh aon mhaith ann. Bhain an máighistear a cheann de agus dhein sé an cleas cheaudna leis an tarna buachaill.
    An triómhadh buachaill a tháinig b’é an t-ainm a bhí air ná Seáinín. Chuir sé d’iarraidh caora reamhar é agus do thuig sé leis abhaile é. Chuir sé airís an tharna oidhche é ag iarraidh caoire eile gur braitheadh é agus leanadh é. Bhaódar ag teacht suas leis.. Bhí peidre bróg nuadha air. Ní raibh aon nídh le deunamh aige ach cean acu d’fhágaint ar an mbóthar. Nuair a thángadar mar a raibh an bróg stadadar. D’fheachadar ar an mbróg. D’imthigheadar leo ar lorg na bróige eile. Do rith le Seáinín agus thug sé an chaoire reamhar leis. “Maith a’ gharsúin” arsan máighistear “Geobhair amáireach agus tabhair an capall is fearr atá ag an duine uasal aírighthe seo chugham.
    Chuaidh Seáinín go stable an duine uasail. Fuair sé srian ag ceochadh suas ann is thóg sé leis amach é. Chuaidh sé go dtí an geata san áit i n-a raibh na capaill go léir. Chroch sé an srian
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1525: The Master Thief
    Language
    Irish
    Informant
    Síghle Ní Conaill
    Gender
    Female