Scoil: Doirín Darach (uimhir rolla 7813/4)
- Suíomh:
- Derreendarragh, Co. Kerry
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Chathbhuaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doirín Darach
- XML Leathanach 057
- XML “Scéal Greannmhar”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deirtear go bfeicfí spioraid i bhfurm ban ag an mharbh na h-oidhche agus go maróchaidís daoine narbh féidir leó iad féin do chosaint ortha. Bhí fear ag teacht abhaile ón aonach oidhche amhain agus casadh bean air ar droichead Caol Na Searrach in aice lem' tig fein.
Do rug sí greim air, agus bhí sí ga stathadh is dá bhrúghadh agus é marbh aici geall leis. Chuimhnigh sé ar sgian a bhí in a phóca aige agus do sháit sé í i gcorp na mná.
D'órduig sí do an sgian do tharrainge as a croidhe, acht níos dein agus fuair sí bás. D'fhág sé annsan í agus nuair d'eirig sé ar maidin chuaidh se go dtí an áit agus bhí an sgian annsan agus í sáithte i gcnapán glóthaighe.
Casadh spiorad mná ar fear eile(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Shéaghdha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Maulnagower, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Maulnagower, Co. Kerry