School: Ráithín (C.) (roll number 9384)
- Location:
- Raheen, Co. Kerry
- Teacher: Peig, Bean Uí Chróinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ráithín (C.)
- XML Page 054
- XML “Amhrán”
- XML “Amhrán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Amhrán (continued)
“Cois abhainn i gClaedheach do cáiteas tréimhse i dtosach mo shaoghail”
(continued from previous page)báillí chuige. Ach turas in aisge dóibh a b’eadh é mar tugadh sanar do Dhonnchadh go rabhadar ar a thóir, agus bhí gach aon nídh curtha as an slighe aige rómpa. B’éigean dó dul go Meiriceá agus cailleadh ann é cúpla bliadhan ó shoin.Amhrán
“Mo grádh is mo laogh thú is De Bheatha chugamh”
Amhrán ó bhéal-aithris Bhrighde Ní Loingsigh, Gort a’Chairn, Lios-na-gCeann, Cill-Áirne1.
An bhean:
Mo ghrádh is mo laogh thú is De bheatha chugham,
Mo ghrádh do bhéal is t-éadan leathan-geal,
Mo ghrádh t’intinn nár smaoin riamh m’atharach,
Mo ghrádh go deo thú sé mo bhrón bheith sgartha leat11.
An Fear:
Go deimhin a rúin níor thugas masla dhuit,
Níor rughas liúm tú gan cead ód’ bhanaltrain
Níor shín t’fhear pósta fós ar leabaidh leat,
Is ní túisge a sínfidh nó mar shinfeadh-sa eadraibh.111.
An bhean:
Nach olc an grádh é taréis mórán ceana dúinn
A’ cur m’fhir pósta go deo is n-earraid liom,
Ag troid is ag coisgear is ag siorriú ag acrann
Is gan tusa beo agam chun mo bhrón duit aithris.(continues on next page)- Informant
- Brighd Ní Loingsigh
- Gender
- Female
- Address
- Gortacareen, Co. Kerry