Scoil: Lios Uí Bhigín (B.) (uimhir rolla 8791)
- Suíomh:
- Lissyviggeen, Co. Kerry
- Múinteoir: Séumas P. Ua Raghallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cúntas ar an nGorta ó Phádraig Ó Súilleabháin, ó Lios Uí Bhigín, dhá mhíle go leith ar an dtaobh thoir de Chill Áirne.
Rugadh é sa bhliain 1856 agus do tógadh é dhá mhíle ó’n áit n-a bhfuil comhnuidhe aige anois.
D’airigh sé na sgeulta seo ó n-a athair agus ó n-a mháthair agus é n-a gharsún. Fear eolguiseach tuisgionach ‘seadh Pádruig. Tá sé 83 bliadhna d’aois.
Do réir na sgeulta a bhí le cloisint agus mé i m’gharsún níor luig an droch shaoghal go ró-throm ar mhuintear na h-áite seo. Níor áirigheas go bhfuair aoinne bás de bharr an ocrais. Bhí obair le fághail ages na fearaibh oibre i n-estáit an Iarla Cheann Mara agus thall i Mucros agus i gCathair Fhionáin ós na Herberts agus ó Cróinín-Coltsmann agus ó uaisle eile nach iad. Bhíodh sgata fear ag obair ar an mbóthar iarainn leis. Le linn an ama sin do tógadh an falla árd atá mór thimceall na Fiadhlainne (Deerpark) agus bhí a lán fear ag obair ann. Ní raibh mar phágh lae ag gach saor ach toistiún an ló! agus dhá phingin do gach sglábhuidhe. Ach mar sin féin bhíodh na daoine bochta ag baint na sál dá chéile chun glaodh cun na h-oibre d’fhághail.
N-a theannta san níor theip ar na prátaí chomh mór san agus a theip ortha i n-áiteanna eile. D’áirigheas go raibh tig na mbocht i gCill Áirne lán go dorus leis na daoine bochta.
Fuair fear bocht bás le h-ais an bhóthair mhóir thoir mBealach a’n Chomáin. Ní raibh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Suilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 83
- Seoladh
- Lissyviggeen, Co. Kerry