Scoil: Scoil N. Erc

Suíomh:
Baile an Mhúraigh, Co. Kerry
Múinteoir:
Bean Uí Chinnéide
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0428, Leathanach 163

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0428, Leathanach 163

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Erc
  2. XML Leathanach 163
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí fear ag baint phrátaí i gCíll Chuáin fadó. Níor bhfada do ann nuair thug sé fé ndeara leach bheag ceathair chúinneach thíos fé cré. Thug sé iarrach ar an leach a bhaint leis an ramhain ach níor éirig leis. Cúpla lá na dhiaidh sin ghaibh a mhac thar an leac san agus thug sé fé ndeara í.
    Chuaidh sé ag triall ar ramhain chun í bhaint agus tar éis mór chuid dá dhuadh a bheith fachta aige do bhain sé í agus is amhlaidh a bhí cnapáin óir thíos fúithe.
    Tug sé leis abhaile an t-ór agus chuir i gcoiméad é. I gcionn cúpla lá do buaileadh bréoidhte é. Cuireadh fios ar an sagart do agus do h-innseadh an sgéal do mar gheall ar an ór. Thug an sagart órdú do duine éigin an t-ór a chuir thar n-ais san áit go raibh sé. Do deineadh san agus bhí an duine bréoidhte chómh maith agus bhí sé riamh fé tráthnóna.
    ó Pádruigh ó Súilleabháin baile an lochaigh,baile na nGall
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile an Lochaigh, Co. Kerry