School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Cormac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Is treise dúthchas ná oileamhaint. Seachain an droch dhuine ach ní baoghal duit an duine macánta.
Pósadh indiu is peicil amáireach.
Dá mbeadh soineann go Samhain bheadh breigil ar dhuine éigin.
Is feárr an chú a bhíonn sa t-siubhal ná an chú a bhíonn sa lúib.
Tar éis a tuigtear gach beart.
Is dóigh le fear na buile gur b'é féin fear na chéile.
Is maith an t-ancaire an t-adharta.
Ní bhíonn tréan buan.
Is iad na muca ciúine a itheann an Foghmhar go léir.
Is olc an ghaoth ná fóireann ar dhuine éigin.
Tabhair dod' chomharsain is bí féin id' óinseach.
Is dána é gach madra ag dorus a thighe féin.
Crann gan stiúr nó cú gan eirbeall
Ag imtheacht ó thig an Diabhail go tig an Deamhain.
Ag suidhe go meadhon oidhche is ag luighe go meadhon lae.
Aithnigheann ciaróg, ciaróg eile.
An méid a bhailigheann an cníopaire, scaipeann an rábairne.
An rud a gheibhtear go bog, caithtear go bog.
An rud a theidhtheann i bhfad, teidheann sé i bhfuaire.
An rud ná cloisfidh an chluas ní chuirfidh sé buadhairt ar an gcroidhe.
Is feárr ann é nó as.
An rud a thógfadh duine is é a mharbhóchadh duine eile.
An rud nách féidir a leigheas foidhne is feárr chuige.
Is minic a bhain duine slat chun é féin a bhualadh.
A scéal féin, scéal gach éinne.
B'annamh leis an gcat srathar a bheith air.(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Chíobháin
- Gender
- Female
- Informant
- Pádraig O Cíobháin
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Address
- Na Gorta Dubha, Co. Kerry