Scoil: Scoil N. Breandán

Suíomh:
Baile na nGall, Co. Kerry
Múinteoir:
Tadhg Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 195

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 195

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Breandán
  2. XML Leathanach 195
  3. XML “Caoineadh Ghúistí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (File a mhair sa Leitiriuch ar an dtaobh eile do chnoc a dhein an dán so. Tá an dán ag a lán daoine sa pharóiste seo. Seán Ghúisrí ainm an fhile. Sí Máire Ní Conchubhair Baile Reó a thug dómhsa é.)
    I.
    Shuidheas cois na trágha láimh le barra taoide,
    Faid a bheidh an féar ag fás bead'sa go bráth sínte,
    Nách cleoidhte an chás fear dánta is laoighthe
    Chuir síos sáidhte san áit ná casfaidh choidhche.
    II.
    Sé ríaghail na Cille go leigeann sí gach aoinne isteach,
    Sé dlíghe na roilige ná leigeann sí aoinne amach,
    Gach cách mar d'imthig ní fhillfaidh go deó ar ais,
    Is nách mór an trúagh mise ná tuigeann go cruaidh an smacht.
    III.
    Tá mo thoise san iúr go dlúth fé rí na leacht,
    Ag daradeóil dhubha am siubhal gan ríaghail gan smacht, bhead ansúd go deó na dtreamh,
    Gan solus am shúil is gan fúm acht cré agus greann.
    IV.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Conchúbhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile Reo, Co. Kerry