School: Smerwick (B.)
- Location:
- An Mhuiríoch, Co. Kerry
- Teacher: Dd. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Smerwick (B.)
- XML Page 475
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tráthnóna. Nuair a chonnaic a mháthair an t-arán d'fhiafruig sí do'n inghean ar ith sí aon bhlúire dhe. Dúbhairt sí sin nár ith. Maith an cailín arsa an mháthair. Dheinis an méid sin go maith. An dara lá nuair a bhí an cailín ag dul an scoil bhí an tseana bhean roímpe arís an chlaidhe an leasa. D'fhiafruig sí do'n gcailín arís an dtug sí aon lón léi agus dúbhairt sí sin nár thug. Annsan thug an bhean blúire eile aráin chuiche ach níor bhlais an cailín é ach é thabhairt abhaile go dtí na máthair. An triomhadh lá d'imir bean an leasa an cleas ceadhna ar an gcailín ach níor ith sí aon bhlúire de'n rán ach é thabhairt abhaile go dtí na máthair. Chuir sí sin na trí bhlúire aráin i gcoimeád in áit ná feadfadh aon duine iad d'fhágháil go deó. Anois bhí bó riabhach ag an mbaintreach agus bhíodh an bhó breóidhte i gcómhnuidhe. Nuair a bhí an cailín ag dul ar scoil an tsríomhadh lá dúbhairt a máthair léi fhiafhruighe do bhean an leasa an mbeadh aon(continues on next page)
- Collector
- Pádraig Ó Cathalláin
- Gender
- Male
- Address
- Baile na nGall, Co. Kerry
- Informant
- Muiris Ó Cathalláin
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Male
- Age
- 25
- Address
- Baile na nGall, Co. Kerry