School: Kilmacteige (C.) (roll number 13944)
- Location:
- Kilmacteige, Co. Sligo
- Teacher: Máire, Bean Uí Chuirnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mháthair" ars an púca "acht choimead greim dangean ar m'adharcanna. Má thuiteann tú brisfidh tú do mhuineál chomh máith leis na píobannaibh. Anois tabhair dhom an "tSean Bhean Bhocht."
"Níl sé agam" ars an bpíobaire.
"Is cuma an bhfuil nó nach bhfuil sé agat" ars an bpúca "bí ag seinnt agus fóghluimeochar é."
Chuir an píobaire aer sa phíob agus sheinm sé a leithead de cheóil a chuir an-iongnadh air fheín.
"Ar bhrigh na mionn agus ceoltóir breagh atá ionnat acht innis dom ce'n áit a bhfuil tú ag dul ann liomsa" ars an píobaire.
"Is mór é an féile atá i dteach na mná-sidhe ar mhullach Cruacha Phadraig anocht" ars an púca" agus táim chun tusa a thabhairt liom ann chun ceóil do sheinnt agus geallaim dhuit go bhfuighidh tú páigh maith ar do chuid oibre."
"Dá'r mo bhriathair" ars an píobaire "agus sin turas (go Cruach Padraig) a chuir an tAthair Liam orm mar ghoid mé an ganndal bán uaidh ar lá Micheail an tráth(continues on next page)- Collector
- Nora Neary
- Gender
- Female
- Address
- Carrowreagh, Co. Sligo
- Informant
- Mrs Ginty
- Gender
- Female
- Address
- Kilmacteige, Co. Sligo