Scoil: Ceathrú (Carton) (uimhir rolla 15339)

Suíomh:
Cartron, Co. Leitrim
Múinteoir:
Seán Ó Floinn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0215, Leathanach 314

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0215, Leathanach 314

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathrú (Carton)
  2. XML Leathanach 314
  3. XML “Scéal i dtaobh Cholm Cille agus A Imeachtaí ar an Oileán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cúpla sgeálta ó Oileán Árann a fuaireas o Cóilín Mach Donnachadha, Teach Naoimh Breandaín Cill Ronáin, Fuair mé iad rith an t-samhraidh 1929

    Sgeál i dtaobh Chuilm Chille agus a imtheachta ar an oileán

    * * *

    Nuair bhí Naomh Éanna in Árann fadó bhí mainnistir i mBaile Cill Éanna aige agus tháinig Colm Cille as Casla go hÁrann agus ní raibh aon bhád aige le na thabhairt treasna ach bád cloc. Chuaidh sé sios ag íochtar iar-thrágha agus sheas sé ar an gcloic agus snámh an chloc ó Chonnamara go hÁrann.
    Nuair tháinig Colm Cille go hÁrann chuir sé faoi agus bhí altóir déanta aige ann agus áit cómhnuidhe. Ní raibh sé i bhfad ann nuair thosuigh é fhéin agus Naomh Éanna ag troid. Bhí Naomh Éanna ag iarraidh é a dhíbirt as an oileán. Bhí Colm Cille théis eirighe ar maidin, bhí leath-stóca agus leath-bhróg ar leath-chois leis. Tháinig Naomh Éanna anuas agus rug sé ar a gcois a raibh an stóca agus bróg air. Tharraing sé sios leis é ar na carraigeacha chomh fada leis an bhfairrge. Rug sé ar an "gCowl" a bhí air Colm Cille agus chaith sé ar an bhfairrge é agus chuir se Colm
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Floinn
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Drumdart, Co. Leitrim
    Faisnéiseoir
    Cóilín Mac Donnachadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    Os cionn 50
    Seoladh
    Cill Rónáin, Co. Galway