School: Caisleán Gearr
- Location:
- An Caisleán Gearr, Co. Galway
- Teacher: Liam Ó Maolmhuidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caisleán Gearr
- XML Page 036
- XML “Aonaigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tuairm's caogadh bliain ó shoin is i gCnoc a' Diolán dhá mhíle ó' n sgoil seo agus i n-aice cathair na Gaillimhe a bhíodh an t-aonac ba ghoire dhúinn. Faithche imeartha do mhuintir na Gaillimhe atá san áit anois agus ní bhíonn aon aonach ann. Sa bhFaithche Mhóir a bhíos na h-aonaigh anois.
Maidin an aonaigh bhíodh fear i n-a sheasamh ar an mbóthar ag leacht a' Bhearna sa bparráiste seo agus chaithfeadh gach duine go raibh stoc aige pighinn nó dhá phighinn a íoc leis sul a leigtí isteach go dtí an t-aonach é. Thugadh sé an t-airgead sin do Chomhairl na Cathrach chun sráideanna na cathrach thart ar Chnoc a' Diolán a ghlanadh.
Cuireadh deire leis an aonach seo mar gheall ar dhá rud. Bhí an pháirc sin an-íseal fliuch agus bhíodh daoine agus stoc ag dul i n-abar ann dá mbeadh an ainsear go dona.(continues on next page)- Collector
- Nóra Breathnach
- Gender
- Female
- Address
- An Caisleán Gearr, Co. Galway
- Informant
- Hanraoi Ó Griallghais
- Gender
- Male
- Age
- 40
- Address
- An Caisleán Gearr, Co. Galway