Scoil: Sean-Chill

Suíomh:
Shankill West, Co. Galway
Múinteoir:
Riobárd Ó Conaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0080, Leathanach 006

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0080, Leathanach 006

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sean-Chill
  2. XML Leathanach 006
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí sean bhean i gCaiseal Bhuidhe Amhnach agus bhí feilm talmhan agus ósta aici.

    ......Bhí buachaill aimsire aici agus bhí sí an dian air. Bhiodh sé in a shuidhe aici gach maidin san samhradh ó éirighe na gréine go dtí a dul faoi. Bhiodh sé chómh tuirseach sin ar feadh an lae go mbíodh sé ag féuchaint suas ar an n-grein a tnu léithe a dul faoi. Bhiodh na laetheannta chómh fada sin gur sgreadadh sé suas leis an n-grein mar so:-
    "Coisg ort a grian is fad é do thriall
    Ach dhá m-beadha-sa ráithe agus bliadhain
    Ag Máire Sheáin Liam
    Bheadhá a rith abhaile in to chanter"
    Thainig saighdiur abhaile as Sasana ar a b-paiste ar cuairt ar a aintín. Nuair a bhí sí a réidhteach dhá chur a chodladh dubhairt sí léithe fhéin "Deamhan an oiread Beurla sa mbaile is a chuireas an saighdiur in a chodladh" "Where is the pillow" ars an saighdiur. "Níl aon filister ann ach cuir do bhríste fada faoi do ceann", d'fhreagar a aintín.
    Buachaill óg a bhí ag teacht abhaile as cuartuigheacht a bhf [?] san oidhche . Casadh bean sidhe air ar an mbothar agus thuit sé i n-grá leithi chómh mór gur chum sé amhrán dá moladh. Séard adubhairt san amhrán "Dá bfhághainn sé mo roghain de mnáibh breagha an domhain sí Bean Dubh an Ghleanna a bhfearr liom".
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Padraig Ó hÉanacháin
    Inscne
    Fireann