School: An Fháirche (Buachaillí)
- Location:
- An Fhairche, Co. Galway
- Teacher: Énrí Ó Máille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Níl sé ceart an luaith a chur amach an chéad lá do’n bhliadhain.
Tá trí lá I dtús an Aibreaín agus sé an tainm atá orra “Trí lá an tsean-bhó riabhaighe”
Ins an sean-am bhí siad ar an trí lá deiridh do’n Mhárta.
Tá trí lá I ndeireadh an Aibreáin agus tugtar trí lá gairbhín na gcuach orra mar tagann ceathanna sneachta thart ar an am a dtagann an chuach.
Nil sé ceart an chréfóg a iontodh lá Bealtaine.
Níl sé ceart a dhul amach ag bádóireacht Domhnach Cingíse mar tá mí-ádh eicint ar an lá sin.
Níl sé ceart uaidh a dhéanamh lá na leanbh.
Marbhuigheann na daoine gé le haghaidh Oidhche Mártain.(continues on next page)- Collector
- Séamas Breathnach
- Gender
- Male
- Informant
- Seán Breathnach
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Dúráithe, Co. Galway