Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. Galway
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Fáirche
- XML Leathanach 455
- XML “Páidín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cailleadh an t-athair agus ní raibh aoinne indon seasamh ar shráid nó ar bhóthar leis an mbáistig a bhí ag tuitim.
Dubhairt Páidín annsin nach stopfadh sé go bhfuigeadh sé amach a athair agus nach mbeadh se tuirseac gá lorg agus go bhfuighead sé amac cé an fáth ar thárla an aimsear a bheith amhlaidh nuair cailleadh an t-athair.
D'imthigh sé leis annsin. Bhí sé ag imtheacht agus ag síor imtheacht go raibh sé ina oidhche air. Chonnaic sé solus ibhfad uaidh. Tharraing sé air agus séard a bhí ann teach. Bhuail sé isteach agus d'iarr sé loistín na h-oidhche ar fhear an tighe. Dubhairt fear an tighe go dtiubhradh sé sin dó agus fáilte. Shuidh sé síos agus bhí sé féin agus fear an tighe ag cainnt ar feadh tamaill. Faoi dheireadh arsa fear an tighe leis "Má seadh an mbeadh aon dochar fiafruighe dhíot cábhfuil tú ag dul" Ní bheadh arsa Paidín agus d'innis sé dó "Fad is bhí m-athair beo" ar seisean "b'é an fear abfearr dá dtáinig ariamh agus nuair a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Eiblín Ní Fhloinn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- Dúráithe, Co. Galway