Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)

Suíomh:
An Fhairche, Co. Galway
Múinteoir:
Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 412

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 412

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Fáirche
  2. XML Leathanach 412
  3. XML “An Cat Dubh”
  4. XML “An Teach Caonaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an cat [!] sin roimh an sagart agus ars sise "Gach am a bhím ag reidhtiú an dinneir nó an briocfásta leimeann an cat dubh suas ar an mbord tógann sé piosa aráin agus itheann sé é" Dubhairt an sagart gur diabhal a bhí ann agus go dtáinig sé isteach ins an tigh le droch rud do dhéanamh D'iarr siad ar an sagart annsin aifrinn a rádh ins an tigh. Léigh sé an t-aifreann agus nuair bhí se ar siubhal chuaidh an cat dubh ina splannc teineadh amach an doras agu [!] níor tháinig sé ar ais choidhche.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. An Teach Caonaigh.
    Bhí beirt bhuacaillí ina gcomhnaidhe igcoill uair amháin agus bhí teach beag déanta de chaonach aca. Sé an biadh a bhíodh aca ná cnó agus ubhla. Bhí gléas ceoil aca agus bhíodh siad ag casadh ceoil air agus bhí saoghal breagh aca
    Bhí go maith go dtáinig an fear ar leis an choill lá agus chonnaic sé an teach. Bhí iongnadh an domhain air agus isteach leis. Ní raibh istigh act
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge