School: Driseachán (roll number 16647)
- Location:
- Driseachán, Co. Galway
- Teacher: Nora Ní Mhaolchaoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Driseachán
- XML Page 489
- XML “Caitheamh Aimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go dtí an bláth ann. Cuirtear poll eile i mbun an dara ceann agus cuirtear an treas ceann amach ann. Bítear mar sin nó go mbíonn sé an-fhada. 'Sé an chaoi a ngeamuightear é ná dhá pholl a chur 'sa' gcéad nóinín a cuireadh ann agus an ceann deire a chur amach ann.
3) Chaitheamh aimsire an-deas eile 'seadh bheith ag déanamh hataí feóg. Ar dtús déantar trilseán agus cuirtear go leór feóga eile suas as. Fightear gach trí cinn acu i n-a thrilseán agus nuair a bhíos sé sáthach fada cumhangaightear isteach é agus ceangaltar 'sa' mbárr iad. Gheibhtear siosúr agus geárrtar na píosaí a bhíos fágtha as. Tá na hataí feóg indon na míoltóga geára a choingbheál uait. Bíonn go leór míoltóga geára ann 'sa' Samhradh agus sin é an fáth go mbíonn na hataí feóg 'á ndéanamh. Bíónn na laethannta géarr 'sa' nGeimhreadh agus is furusta an t-am a chaitheamh. Ní amuigh a caithtear an t-am ach istigh cois an teallaigh agus na teineadh.- Collector
- Áine Nic Allmhúráin
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway