School: Driseachán (roll number 16647)

Location:
Driseachán, Co. Galway
Teacher:
Nora Ní Mhaolchaoin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 486

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 486

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Driseachán
  2. XML Page 486
  3. XML “Mallachtaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 1) "Doightheacha daire, áirneacha gúise, agus ná raibh bláth bán ort

    2) "Is dána muc ná gabhar ach sháruigh bean an diabhail"
    3) "Sgrios lom lorgan ort le béal cruadh pota"

    4) "Go dtugaidh an diabhal go h-Eochail thú ag baint feochanán cosnocht"

    5)"Go raibh tú níghte bruithte feannta sgeannta ar leic na bpian 'san Ifreann thiar"

    6) "Go mba teach ar an árd do theach, go mba ba bán do chuid ba is go mba bean bhreágh do bhean"

    7) "Is truagh gan tú marbh is do beath i n-Ifreann, agus do phutóga sgartha ar sgeachacha na h-Éireann. Sop i do chluais is an diabhal 'á shéideadh"

    8) Bhí sean-fhear dall ag dul ó theach go teach uair amháin, ag tóruigheacht déirce. Chuaidh sé isteach i dteach lá agus ní thiubharfadh bean an tighe aon rud dó. Cuir sé mallacht uirthí:-
    "Im ná raibh ar do bhainne, cluimh ná raibh ar do lachain, suibhal ná raibh ag do leanbh agus feannadh ar do bhó. Agus go mba mó agus go mba leithne an lasair, a bhéas ag dul thrí d'anam, ná sléibhte Chonamara agus iad
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Nic Allmhúráin
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway
    Collector
    Cáit Nic Allmhuráin
    Gender
    Female
    Age
    16
    Address
    An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway
    Collector
    Eibhlín Nic Allmhuráin
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway