School: Driseachán (roll number 16647)
- Location:
- Driseachán, Co. Galway
- Teacher: Nora Ní Mhaolchaoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Driseachán
- XML Page 432
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear óg agus bean óg san áit seo fadó agus bhí siad le pósadh.”
(continued from previous page)is bhí sí tinn ar a leabhaidh bhíodh an guth le cloisteál ag muintir an tigh. "A Mháire A Mháire" Máire an t-ainm a bhí ar an gcailín seoScéal
“Uair amháin dá raibh Dómhnaill Ó Conaill í Sasana casadh fear leis a bhí buadhatha.”
Sgéal
Uair amháin dá raibh Dómhnaill Ó Conaill í Sasana casadh fear leis a bhí buadhartha. D'fhiafruigh sé de céard a bhí air agus dubhairt sé go raibh trioblóid mhór air. D'innis sé a sgéal tríd síos do'n Chonnallach. Bhí sé tar éis ál banbh a dhíol ar luach beag. Nuair a bí sé 'gha ndíol d'fhiafruig an ceannuightheóir de cé mhéid a bhéadh orra on gceann ba lugha go dtí an ceann ba mó. Síl an fear bocht gurbh é an ceann ba lugha agus an ceann ba mhó a bí uaidh. Rinne sé margadh ar an tuisgint sin. Nuair bí gach rud socruighthe dubhairt an ceannuigtheóir go gcaithfeadh sé iad ar fad fhághail. Dubhairt Dómhnaill leis annsin dá ndéanfhadh se a chomhairle go bhfuigheadh sé as an ngabhad sin é. D'fhiafruig sé de annsin an mbéadh sé inann an bárr a bhaint de laidhricín a choise. Bhain, agus thug do Dhómhnaill í agus séard a rinne seisean í a cur go baile dhúthais an fhir i gCorcaigh. "Anois" ar seisean "Téigh isteach i siopa an fhir a cheannuig na bainbh uait agus abair leis an méid tobac a rachadh ó bhárr laidhricín do choise go mullach do cinn a thabhairt dhuit. Rinne an fear amhlaidh. Thosuigh an siopadóir ag tómhais amach tobac go dtí go raibh sé chómh h-árd leis an bhfear annsin. D'innis sé do ce méid a bhí air. "Ta go mait" arsa an fear eile "act ní'l mé réidh leat fós. Tómhais leat anois go sroisfid tú barr laidricin mo coise sa atá i(continues on next page)