Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
- Suíomh:
- An Cheathrú Rua, Co. Galway
- Múinteoir: Mícheál Ó Nualláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sgéil ar an meid ainmneacha atá ar an mballach. Tugtar ballach stupógach, ballach meilscennach, plubóg, súghchán agus ballach mara air l-naice clochair stupógacha is mó a choithuighe sé. Sé ráidhte na niadcairí gur breaac an deachair ar a mharbhúghadh é freisin. Mar tá béal fíor-bheag ar fadh air.
Ní breach é a mbíonn móra tóir úr air, mar bíonn se ró-uisceamhail agus ní bhíonn aon bhlas air go mbídh sé cupla lá saillte.
Is lé tram nó lé pota gliomach is mó a marbhuightear é. Ní fhleár dúbhán beag ina chómhair l-náit luaidhe a bheith ar an dorugha is minic gur cloch a cuirtear air ag iascach an bhallaigh. Mar a bíonn n-iomarca scailpreacha san áit a gcothuigheann sé lé luaiddhe a oibríughadh ann Píosaí de phortáin ghlasa agus ruaicne briste an baoite is feárr ina chómhair.
Ó dheiread na lúghnasa go Samhain a bhíos seasúr air. Nó déarfhadh daoine(leanann ar an chéad leathanach eile)