Scoil: Tír an Fhiaidh

Suíomh:
Tír an Fhia, Co. Galway
Múinteoir:
An tSr Máire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 138

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 138

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tír an Fhiaidh
  2. XML Leathanach 138
  3. XML “An Gorta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    bruit a déantaí as mín coirce a fuair siad. Tamhall na dhiaidh sin nuair a tháinig obair amhach bhíodar ag obair ar chárt mín-bhuidhe san tseachtmhain.
    Tar éis na gorta thosuig tinneas ag teacht orra agus bhíodar ag fágháil bháis í leabhadh a chéile. Bhí an fiabhras sin ann go ceann bliadhna agus fuair a lán bás dá bhárr.
    Nuair a fhuaireadas fataí arís tar éis acar fada choinnigh siad iad le haghaidh síolta agus bhíodar fhéin ag ithe mín-bhuidhe. Nuair a tháinig an t-am le na gcur sé an chaoi a bhaineadar na súile amach asta agus sgáipeadar amach san ithir na súile ar nós síol coirce. Bhíodh cúig nó sé de shúile ar gach fata agus bhí go léor síolta curtha ag na daoine. Tháinig an smál arís an t-am seo agus nuair a bhí sé in am fataí a bhaint, d'feicfeá gach duine san ngarraidhe ag cuartú na créfóige. Ba mhór an truaighe a bheith ag breathnú orra.
    An séamhadh bliadhain tar éis na gorta bhí síolta ag na daoine arís agus bhaineadar na súile asta, agus sgáipeadar iad ar nós grainní síl. Bhí roinnt fataí ag na daoine annsin ach bhí deich mbliadhna caithte sul a raibh a ndóthain fataí ceart aca.
    Bhí fataí gann ocht mbliadhna is dá fhícheadh ó
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Chonghalaigh
    Inscne
    Baineann