School: Tír an Fhiaidh
- Location:
- Tír an Fhia, Co. Galway
- Teacher: An tSr Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tír an Fhiaidh
- XML Page 088
- XML “An tSlí a mBíonn a Fhios ag Muintir na hÁite ón nGréin cén Saghas Aimsire a Bhíonn air”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nuair a bhíonn na réalta beag agus iad tréan báisteach agus aimsear bhog a bhíonns air.
Aimsear ceóbarnach a bhíonns air nuair a bhíonn na réalta i bhfad ó chéile agus iad mór.
Bhí bealach na bo finne na bhóthar airgid treasna na spéire aréir agus seans go bhfuigidh muid tuille de'n aimsear bhreágh.
Bhí an spéar go réaltógach aréir beidh tuille de'n aimsear bhreágh againn.
Nuair a bhíonn na réalta meabhrach sioc a bhíonns air.
Bhí go léor réalta thar timcheall na gealaigh agus bhí an streoillín an fhada a dtuaidh freisin, agus béidh tuille de'n aimsear bhreágh againn.
Bíonn na réalta ag damhsa nuair a bhíonn tús oidhche sheacha ann.
Bíonn aghaidh an chéacta ar an talamh nuair a bhíonns báisteach air.
Bíonn realt an tráthnóna an fhada siar nuair a bhíonns báisteach air.
Bíonn garraidhe réaltógach thar timcheall na gealaighe nuair a bhíonn sneachta agus báisteach air.
Bíonn slat an bhanlainn an fhada ó dheas sa ngreimhreadh nuair a bhíonn aimsear sheacha air.(continues on next page)- Informant
- Brighid Ní Chonghalaigh
- Gender
- Female