School: Leitirmealláin
- Location:
- Leitir Mealláin, Co. Galway
- Teacher: Éamonn Ó Gógáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ag tabhairt leó an bhealaigh bhuidhe. Bhriseadar an long agus thugadar leó an t-ádhmad ar fad. Báthadh long eile san áit chéadna agus bhí sin lochtuighthe le ádhmad. Bhí cúigear daoine innte agus báthadh iad ar fad. Nuair a bhí sí ag teacht aniar ag Ceann Golaim buaileadh in aghaidh carraige í agus briseadh í. Chuireadh isteach ar an gcladach í agus chonnaic muinntir na háite an cúigear daoine dá mbáthadh agus bhí siad ag dul amach dá sábhailt acht tháinig sé in a stoirm mhóir agus b'éigin dóibh filleadh ar ais arís. Bhíodh daoine ag teacht aniar as Cárna agus báid aca ag tabhairt an-ádhmuid leó agus bhíodh daoine in a gcómhnuidhe ins na tíghthe ag tabhairt aire don ádhmad agus don luing agus bhíodh gunnaí aca agus bhídís ag caitheadh leis na daoine a bhíodh ag tabhairt an ádhmuid leó.
Bhí long eile ag teacht as Meriocá agus nuair a bhí sí i bhfad siar san bhfairrge buaileadh inaghaidh carraige í ag [!] briseadh í. Bhí sí lochtuighthe le iarann agus bhí sé an-éasgaidh í a bháthadh. Báthadh chuile dhuine de na daoine a bhí innti agus tugtar carraig an iarainn ar an áit a báthadh í ó shoin. San mbliadhain naoí gcéad déag agus an ceathar déag bhí muinntir na tíre seo go han dona leis an bhfiabhras. Bhíodh an t-Ospidéal aca san sgoil agus i sean-teach eile atá thiar ag(continues on next page)- Collector
- Maighréad Nic Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Mealláin, Co. Galway
- Informant
- Máire Bean Uí Maol-Dia
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Leitir Mealláin, Co. Galway