School: An Tuairín (roll number 13415)

Location:
Béal an Daingin, Co. Galway
Teacher:
Séamus Ó Tomhnra
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0070, Page 106

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0070, Page 106

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tuairín
  2. XML Page 106
  3. XML “Cailín na Leisce”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Cailín Na Leisce
    Bhí bantrabhach ann fadó agus ní raibh aice de chongnamh ach aon ingean amháin. Bhíodh an t-sean bhean amuigh ag obair agus ag saothrú a beatha de féin gac lá. Gac lá agus gac tráthnóna dhá dtigeadh an t-sean bhean isteach bhíodh an ingean ag srannadh codlata. Bhí sí chómh leisgeamhail sin nac n-eirigheadh sí as an leaba in aon chor. Bhíodh an t-sean bhean ghá bualadh agus ag iarraidh uirthe bheith ag obair ac ba bheag an mhaith é sin dí. Lá dá raibh an t-sean bhean tar éis a theacht isteach agus í ag liúradh na h-ingíne cé bheadh ag dul thar an doras ac mac an Rí. Chuala mac an Rí an gléaradh agus an torann a bhí ag an t-sean bhean taobh istigh agus chuaidh sé isteac. "Céard atá ar siubhal annseo agaibh" ars an Prionnsa "Té mé ag bualadh an cailín bhig sin in áit a bhfuil sí dhá marbhú féin ag obair agus tá faitchíos orm go marbhóchaidh an obair ar fad í" ars an bhean "Bféidir go leigfheá liom-sa í" ars an Prionnsa "mar tá bean mhaith oibre ag teastáil ó mo mháthair anois Tá go leor éadach le déanamh agus olann go leor le sníomh aice agus má bhíonn an oiread sin oibre déanta aice in imtheact trí lá pósfar mise agus í féin." "Muise" ars an t-sean bhean "má leigim leat í ní bheidh sí leath bhliadhain beo mar marbhóchaidh an obair í" Bhí an inghean ag éisteact leis an gcainnt
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0501: The Three Old Women Helpers
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Ó Tomhnra
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Pádhraic Mac Donnchadha
    Gender
    Male
    Address
    Doire Fhatharta, Co. Galway