School: An Tuairín (roll number 13415)

Location:
Béal an Daingin, Co. Galway
Teacher:
Séamus Ó Tomhnra
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0070, Page 071

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0070, Page 071

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tuairín
  2. XML Page 071
  3. XML “Amhrán Sheáin Fíodóra”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Chuaidh mé soir go Baile an t-sléibhe ag iarraidh ginear Phádraic
    Mar bhi mé gann in airgead le dul faoí gheint mo mháighistir
    Bhí sé in afhear chómh charthanach is go fhios agam nach bhfailleochadh sé
    Cúis ar bith a thiocfadh treasna ormdhá mbéinn gan íocgo bráthach leis.
    Thug sé breathnú thartorm is rinne sé meangadh gáire
    Rud a thug mé cheana dhuit níor íoc rú é an lá a gheall tú
    Seo dhuit anois an gine seo agus fágfaidh sin deic fichead ort
    Bí ag obair stuic is builíní is íocfair mé lá fhéil Pádraic
    Tá alán de dhaoine dóigheamhla ag déileáil liom a dhriáthair
    Ní fhéadaim a tígheact treasna treasna go dtagaidh isteacha bhfágaltad
    Nuair a bheirm ar chorr sgilling innthigheann sé i bpunt ime uaim
    Tá mé sgriosta ag uibheacha is a mbolath níl le fághail agam
    Thug sé breathnú thart orm nac milis beaduidhe atá tú
    Is dá mbeadh trí seolta a' lasgadh dhuit ní dhéanfadh sé thú a shásamh
    Is fearr an t-slíghe atá agat féin go mór ná atá agam-sa
    Nidh ní thiubharfad feasta dhuit bain bearha as do Crámhe (Cnámha)
    D'eile cé thiubharfadh dhom é mara dtugthá dhom é a dhríathair
    Cé'r bhfearr duit thiar in t-asgal é trí seactmhainí ná Ráidhche
    Dhá mbeadh cúpla seicéad agam-sa agus do dhruim-sa bheith gan falach air
    Bí ordú Chríost is a theagasc dom go dtiubharfainn dhuit-se ceann dhíob.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Ó Tomhnra
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Micheal Ó Finneachta
    Gender
    Male
    Address
    An Tuairín Mín, Co. Galway