School: Clochar na Toirbhirte, Liostuathail (roll number 4062)
- Location:
- Listowel, Co. Kerry
- Teachers: Bríd Nic Oscair An tSr. Íde An tSr. Muire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Toirbhirte, Liostuathail
- XML Page 353
- XML “Béaloideas - Brí na nÁitainmneacha Timpeall Lios Tuathail”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Áth-an-Turais (Bedford) - Áth éigin go dtéigheadh na daoine thairis ag dul ar thuras go dtí tobar naomhtha éigin.
Ladhar a' Crompáin
Innis Mhór - Ennismore
Leaca - Lacca
Mín - Meen
Toirbhéart - Tarbeit. Baint éigin aige le mná riaghalta na Toirbhirce nó rud mar sin.
Cill Eachdruim - Killocrim.
Baile 'n Ghrianáin - Ballygrennane.Baile an Ridire - Bhí Ridire Garraidhe in a chómhnaidhe ann. Mac do Réamonn Reamhar Mac Muiris. Tá fothrach an chaisleáin ann fós. Is dócha gur uaidh a shiolraigh an sliocht sin Mac Muiris atá an-fhlúirseach i Lios Tuathail agus timcheall air.Triopail - Cnuasacht Luachra.
Biolarach - Billeragh. An aideacht ó "biolair".
Fuarthán - Tá tobar fíor-uisce san áit. B'fhéidir gur uaidh sin an t-ainm.
Baile an Abhainín - Abha bheag ag rith tríd fé ndear an t-ainm is dócha.
Cill Mórna - Roilig ann, agus deirtear gur bhean dárbh ainm di Mórna atá curth ann. Tá scéal éigin ann go bfuarthas cómhra agus rudaí eile ann.(continues on next page)