School: An Gleann (roll number 12407)

Location:
Farravaun, Co. Galway
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 409

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 409

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gleann
  2. XML Page 409
  3. XML “An Chuigeann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    déantar prionda de. Deirtear, má iarrann aon duine im ort nach bhfuil aon salann air go dtógfadh sé an t-im ort
    Ceapann na daoine go dtógann na sídheóga an t-im nó an bainne leó Oidhche Bealtaine. Deirtear gurb iomdha duine a chuaidh amach an maidin agus ní bhíodh sreabh bainne ag na buaibh. Deirtear freisin nach ceart an chuinneóg a líonadh idir an dá dhorais. Seo sgéal faoí Oidhche Bealtaine. Bhí fear amuigh ar an sliabh oidhche Bealtaine agus chonnaic sé beirt ban ag bleaghan rópa. [!] Rith sé i ndiaidh na mná agus thóg sé an sópa. Nuair a tháinic sé abhaile sháith sé an sópa i mbairille. Níor chuimhnigh sé ar an sópa annsin go dtáinig Lá Bealtaine arís. D'féach sé ins an mbairille annsin agus bhí sé lán d'im.
    Cuireann na daoine Crann Bealtaine suas ar an dteach Oidhche Bealtaine ar eagla go dtógfadh na sídheóga an bainne ó na ba. Is iomdha duine a chuaidh amach ar maidin agus ní bhíodh sreabh bainne ag na buaibh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. butter and churns (~3,280)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Dhonnchadha
    Gender
    Female
    Informant
    Brighidh Ní Dhonnchadha
    Gender
    Female
    Address
    Gorterwulla, Co. Galway