School: An Gleann (roll number 12407)
- Location:
- Farravaun, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann
- XML Page 352
- XML “Bóithre an Cheantair”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Siad na h-ainmneacha atá ar bhóithre an cheanntair ná, bóthar an Ghleanna, bóthar Guirt a bhalla, bóthar Curraigh Dhuibh agus bóthar bhaile na nGall. Tá go leór sean-bhóithre sa cheanntar freisin.
Deineadh na bóithre i n-aimsir an drochshaoghail. Deirtear gur fear ó Curr-a-Ríbhe a thug airgead do na daoine leis an bhóthar a dhéanamh. Rinne sé é ó Uachtar Árd go Droichead-na-Cille agus rinne na daoine é ó sin go Currán. Nuair a bhí na fir ag obair ar na bóithre fadó ceithre pingne a bhí le fághail atá sa ló. Tá dhá dhroichid ar an bóthar, Droichead-na-Cille agus Droichead-na-Rátha.
Tá sean droichead i n-aice Uachtar Árd, ar a dtugtar Droichead-a-Phúca air. Bhí fear meisge ag teacht ó Uachtar Árd oidhche amháin agus nuair a bhí sí ag dul thar an Droichead dubhairt sé leis na púcaibh teacht amach agus troid a dheanamh. Thosuigh na púcaí ghá bhualadh ach ní raibh sé inann aon rud a fheiceál agus is beag nár mharbhaigh siad é. Tá sgoil nó teach i(continues on next page)- Collector
- Criostína Ní Fhlannchadha
- Gender
- Female
- Informant
- Brighid Ní Fhlannchadha
- Gender
- Female
- Age
- Over 50
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Barnagorteeny, Co. Galway