School: Scoil Chuimín (roll number 4786)
- Location:
- Pollagh, Co. Galway
- Teacher: Gearóid R. Ó Laidhigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Chuimín
- XML Page 169
- XML “Gaibhne”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an talamh. Bhí iongantas an domhain ar Thomás ar fheiceál sin dó, acht ní raibh neart air agus an rud a b'iontaige ar fhad ní raibh tasc na tuairsc le fáil ar an socruid nu ar an triur fear a bhí ag iomcur an chuirp.Ní call dom a radh go raibh faitchíos agus iongantas ar Thomás, acht d'arduigh sé an clár den cónnra agus bhreathnuigh sé isteach ann. Bhí bean uasal óg istigh sa gconnra. Duine do na Blácaigh do beadh í. Ní raibh sí caillte acht bhí sí na codladh. Thug Tomas abhaile í - chur sé fios ar an sagart agus léigh seisean paidreacha dí. Tamall in a dhiaidh sin thainic biseac chuici agus thainic a ciall agus a reásun chuicí. Chuaidh Tomás cuig teach athair na mná oige. Bhí torramh ar siubhal annsin. D'innis Tomás an sceul do fhear a' tighe. Níor chreid seisean é ar dtús acht théis tamaill deist sé leis agus thug sé crediunt do.Ar ordú Thomáis cuireadh síos teine mhór leis an gcorp do bhí san leabaidh marb a dógadh. Nuair a bhí an teine dearg lasad d'eirigh(continues on next page)
- Informant
- Doraigh
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Address
- Maghera More, Co. Galway