School: Scoil Chuimín (roll number 4786)

Location:
Pollagh, Co. Galway
Teacher:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 128

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 128

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Chuimín
  2. XML Page 128
  3. XML “Pisreoga i dtaobh Pósaidh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    na h-aíte bacad leis na buidealaibh seo cor ar bith.
    Le breacadh lae seinneadh an piobaire "Fiadhach an tSionnaigh." I lár na h-oidhche cloisfeá "Gol na mban san Ár" nu "Cath Eacdroma" ag an bPiobaire.
    Ní fhaca mé "buacaillí Tuighe" ag bainfeis aríamh, acht is iomda "Duine gan cuire" a chonnaic mé ag bainfeis. Thainic beirt oidhche ag bainfeis gan iarraid gan cuire. Fuair siad neart le n-ithe agus le n-ól. D'arduigh duine aca a ghloine phoitin, agus labhaiar sé leis an bhfear eile.
    "Bheirim do shlainte, a ghiolla gan cuire".
    D'arduigh an tarna fear a ghloine féin agus dubhairt sé
    "Bheirim do shlainte a ghiolla mar mise."
    Ní fhaca mé nios mó ná an t-aon gloine amháin i n-úsaid ag daonaibh ag roinnt poitín ag bainfeis. D'fhiafruigh mé de sheanfhear an fáth a bhí leis seo agus sé an freagra a thug sé dhom go mbiodh go leor gloine i n-usaid sa bhfior shean saoghal ag na hEireannaigh acht gur eirigh sé de nós gan acht aon ghloine amhain a bheith ag roinnt an dighe le linn réim na Sasanach, agus go gcaitfeadh an roinnteóir an cheud ghloine d'ol i gcomhnaidhe as an gcruisgín le theasbáint don comhluadar nach raibh nimh nu dochair ar bith san ól.
    Mara racadh bluire beag ime go tóin an ghloine (i ngloine poitin) bin comharta nach raibh sé laidir.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
          1. marriage (~4,283)
    Language
    Irish