Scoil: Leamhchoill (uimhir rolla 10742)

Suíomh:
Leamhchoill, Co. Galway
Múinteoir:
Seán Ó Domhnalláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 236

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 236

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leamhchoill
  2. XML Leathanach 236
  3. XML “Scéalta Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Tháinic an lá fliuch air agus b’áigin dó éirigh as. Chuaidh sé isteach go dtí an teach seo agus d’fhan sé ann go raibh sé ‘na tráthnóna.
    Nuair a bhí sé ag dul abhaile ní raibh aon asail aige lé fágháil. Shíl sé go raibh sé ró-fhuar lé dul dá thorraidheacht agus d’imthigh sé abhaile gan é. Bhí sé do nós ag fear a’ tighe dul ar cuairt san oidhche agus rinne sé an rud céadhna an oidhche seo. Bhí sé deirneach ag teacht abhaile dhó agus bhí sé tirm. Bhí cnoc taobh thuas dá theach féin agus bhí sgeacha ag fás air.
    Níor cuireadh aon fhaitchíos ariamh air agus is iomdha oidhche a bhí sé amuigh. Nuair a bhí sé ag dul thar na sgeacha, shíl sé gur chuala sé rud éicint. Bhreathnuigh sé thairis agus chonnaic sé an rud istigh ins na sgeacha. Shíl sé gurb é an diabhail é agus rith sé abhaile lé n’ainm. Bhí an t-allus ag tuitim anuas uaidh ‘na bhraonachí móra agus bhí a ghruaig i n-a sheasaimh díreach ar a cheann. Rith sé isteach abhaile agus dubhairt sé gur raibh an diabhail suas ar an gcnoc agus dhá adhairc fhada air. Thosuigheadar ag gáire faoi. “M’anam tá” ar seisean.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Leamhchoill, Co. Galway
    Faisnéiseoir
    Nóra Ní Culáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leamhchoill, Co. Galway