Scoil: Leacaigh (Leacach)
- Suíomh:
- Lackagh Beg, Co. Galway
- Múinteoir: Seosamh Ó hÁinlíghe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leacaigh (Leacach)
- XML Leathanach 333
- XML “Daoine Cáiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An fear ba láidre dá raibh thart ar an áit seo ná Seán Ó Dálaigh ó Corbhaile, Cumer. Bíodh sé ag rith rásaí móra. ba é shampíon na h-Éireann agus deireann daoine gur b'é shampíon an domhan é. bíod sé ag rith rásaí in Éirinn agus núair a fúair sé búaidh in Éirinn d'imthig sé thar lear. D'imthig sé go Sasana agus fúair sé bhúaid annsin. D'imthig sé go Ameirce annsin agus bhí sé ag rith rásaí le na daoine cáileamhla in Ameirce agus d'fhan sé in Ameirce.
b'é Padraig Ó Mhuirthaid as Turloc-mhór an fear ba mhó dá raib i dturlocmór nó i gConndae na Gaillimhe cun siubhail a dhéanaimh. Siubalfad sé go dtí an stáisiún timcheall is ceithre míle ó'na theac. Núair a beadh sé ag dul go Túaim dfághfad sé an teac ag a fiche nóiméad tar éis a deic. biodh an traein ag imtheacht ag a h-aon déag. Amanta ní bíod sé in am agus bíod an traen ag imtheacht núair a sroichfhead sé an stáisiún agus léimfheadh sé isteac sa gcárr na nGárda.
b'é Tomás Ó h-Aodha an fear ba láidre ag an speal. bhí sé ina chómhnaidhe i gCorbaile(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire C. Seóige
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Monroe, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Crámháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Cahernahoon, Co. Galway