School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)
- Location:
- Fearann an Choirce, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maoldhomnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fearainn an Choirce
- XML Page 120
- XML “Ciste Óir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)brionglóidígh dhá ngabhainn síos ag Seán Buidhe Úrainn i gConn Mhaicne Mara go bhfuighinn pota óir faoi sgceich ag an mbinn aige, ach ní dheachaidh mé ann. Nuair a chualadh Seán Buidhe Úrainn an chainnt ag an ngabhainn, bhí sé ag screadach nó go bhfuigheadh sé h-éin seans le n-imirt ar an ngabhainn, agus d'imthigh sé uaidh, agus chuaidh sé abhaile. Nuair a tháinig sé abhaile leis an maideachan, bhuail sé doras a thíghe féin i gConna Mhaicne Mara. Ní leigfeadh a bhean isteach é, ag ceapadh go raibh sé basuighthe gur b'éigin dhó codhladh amuigh ar feadh an lae. Tráthnóna tháinig sé isteach gur chodail sé trí oidhche is trí lá ag a raibh de chodhladh air. Níor innis sé tada dhá bhean nuair a dhúisigh sé, fá an bpota óir. D'éirigh sé an tríomhadh maidin leis an lá. Chuaidh sé amach fá an sgeich go neachaidh sé ag cartadh gur iompuigh sé leac, agus nuair a d'iompuigh sé an leac fuair sé pota óir ann. Thug sé isteach ag a bhean é. Seachthmhain ón lá sin, bhí triúr sgoláirí bocht ag dul thart. Tháinig siad isteach ag Seán. D'orduigh sé beirt acu ag an mbord. Ní dheacha an tríomhadh duine isteach gur ith an bheirt acu a ndóthaint. D'imthigh beirt acu amach agus d'fhan faer acu istigh ag breathnughadh ar chlár a bhí sa chlúid. Ní raibh mórán foghlamtha ar aoinne san am sin, agus bhí Seán ag fiafrughadh de'n fhear a d'fhan istigh cé an fáth é a bheith ag breathnughadh ar an gclár. Séard a deir an sgoláire bocht gurb'fhearr an toabh a bhí gan fhághail de'n leic ná an taobh a bhí fáighte. Coinnigh Seán an sgoláire bocht ar an teaghlach go dtí maidin lá'r na bhárach. D'éirigh an bheirt an maidin le maidneachan, agus chuadar amach ag cuardach fao'n sgeich. B'éigin dóibh gró fhághail a(continues on next page)
- Collector
- Mícheál Ó Dioráin
- Gender
- Male
- Address
- Cill Rónáin, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Maoláin
- Gender
- Male
- Address
- Cill Rónáin, Co. Galway