School: Sean Bhaile Árd (roll number 14663)
- Location:
- Shanballard, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Murchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sean Bhaile Árd
- XML Page 232
- XML “Ainmhithe Allta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fágann sí an cuirp gan bacadh leis cor ar bith. Gníonn sí nead dhí féin i gclaidhe tirm nó balla nó áit eile mar sin. Dath dearg-donn atá uirri.
An CoinínIs ainmhidhe beag deas an ainmhidhe seo. Gníonn sé a lán díoghbhail sa gceanntar seo. Itheann sé an coirce nuair a bhíos sé timcheall trí nó dó órlach o's cionn an talamh agus millean sé é. Gníonn sé poll sa talamh agus is annsin a chomhnuidheann sé nuair nach mbíonn amuigh ag súgradh no ar lorg bidh. Dath liath-donn atá air agus tá iarball geárr bán air freisin.
An GirrfhiadhTá an ainmhidhe seo cosamhail leis an coinín act ní gníonn sé aon poll faoín talamh cor ar bith acht gníonn sé nead dhó féin faoi tom aitinne nó áit eile mar sin. Itheann sé an bidh céadna is a itheann an coinín. Tá iorball gearr air freisin cosamhail leis an coinín acht tá sé in-dán rith go tapaidh. Is minic a theigheanns na buachaillí timcheall na h-áite seo ag fiadhach coiníní agus girrfhaidh le madaí agus cú.
An LuchIs ainmhidhe beag dubh liath é seo. Comhnuidheann sé ins na tighthe go mór mhór agus itheann sé aráin agus rudaí eile mar sin a ghoideann sé o'n cistin. Is ainmhidhe crosta é má beireann duine greim air agus de bhainfeadh sé greim le'n a fhiacla as duine a bhead greim aige air.
An FranncachTá an ainmhidhe seo cosamhail leis an luch acht tá sé i bhfad níos mó. Gníonn sé mórán díoghbháil de'n feilméar mar itheann sé fataí agus coirce agus barraí eile mar sin a bhíos bailighthe le chéile ag an bhfeilméar. Is minic a a tugtar nimh dé le'n é a mharbh.(continues on next page)