School: Cill Chiaráin
- Location:
- Cill Chiaráin, Co. Galway
- Teacher: Nioclás Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Chiaráin
- XML Page 083
- XML “Tomhais”
- XML “Seanfhocail”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dá dtagadh an péire sin le chéile ní bheadh Éire beó.
Freagra an ghealach agus an ghrian - Cheathrar cailleach gan a bheith manntach
Cheathrar Franncach gan a bheith buidhe
Cheathrar gréasaí gan a bheith bréagach
sin daréag nach bhfuil sa tír.Is bocht sagart nach mbíonn cléireach aige.I n-áit a mbíonn na mná bíonn cainnt.Ná tabhair do bhreith ar an gcéad sgéal go dtagaidh an dara sgéal.Bean tinchéara agus bean táilliúra sin beirt nár réitigh le chéile ariamh.I ndeireadh na dála troideann na coileáin.Is geall leis an bhfiach a ghearrcach fhéin.Seasamh fada ar chosaibh laga agat.Mó ghiolla beag caol i n-a luighe leis an tobar tá a cheann chruaidh maol maol leis an obair ní ithinn sé arán 's ní ólann sé bainne go saithfheadh a cheann i bfad síos ins an tobar.
Freagra peann.Drannadh madad gáire Sasanaigh.An rud is(?) anamh is iongantach.- Collector
- Mairéad Ní Níadh
- Gender
- Female
- Age
- 11
- Address
- Coill Sáile, Co. Galway