School: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh

Location:
Athenry, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0003, Page 148

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0003, Page 148

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
  2. XML Page 148
  3. XML “Tomás Uí Bhroinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    amach iad. Ní raibh Tomás acht taobh amuigha de'n doras nuair a chuala sé an glor istigh agus seard adeir an glór ná "Cé'n mhaith dhó í mar ní bheidh aon cainnt aice go mbainneadh a mac féin aistí é. "Beidh sí sin luath go leór" arsa Tomás ina intinn fhéin. D'imthigh leis abhaile agus an conra ar a druim aige. Nuair a tháinig sé go dtí an doras bhuail sé crag air. D'eirigh an cailín agus d'osgail sí an doras. Isteach leis agus leag sé an conra i lár an urláir. Bhain sé an clár dhe agus d'ith sé féin agus an bhean a suipéar. Ar maidin lár na bhárach chuaidh siad go dtí an sagart agus pósadh iad. Bhí siad ina gcómhnaidhe i dteach a athar agus an bhean seo ag obair go cruaidh. Ba ghearr go raibh mac aice. Bhí an cion ag an t-sean mháthair agus ag an sean athair ar an mac seo. Ceannuigh an sean-mháthair liathróid cumáinn dhó agus cumáinn le bheith dá bualadh. Thárla san am sin go raibh casa gloinne ar an dreisiúr acu. Bhí an páiste ag bualadh an liathróid lá agus bhuail sé ar an dreisiúr é agus briseadh an gloinne. D'eirigh an sean-mháthair agus bhuail sí buille air. D'eirigh a mháthair féin agus thug buille eile dhó agus dubhairt "dá mbristheá an méid san ar m-athar-sa ní bhéadh fhios aige a mbrisfeá luach leath - phinghinn. Bhí Tomás ag tigheacht faoí'n doras an t-am sin agus chuala sé a bhean ag cainnt. Dubhairt Tomás "Ó tá cainnt agatsa, is gearr go mbeidh muid i dteach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Cadhain
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    Athenry, Co. Galway
    Informant
    Bríghid Ní Conghailligh
    Gender
    Female
    Address
    Tír an Fhia, Co. Galway