School: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh

Location:
Athenry, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0003, Page 147

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0003, Page 147

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
  2. XML Page 147
  3. XML “Tomás Uí Bhroinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    teach breágh ann. Ní fhaca sé an teach san áit sin ariamh cheana agus ba mhinic a chuaidh sé an bealach agus dubhairt sé leis féin gur gearr a bhí an teach sin dá dhéanamh. Dubhairt sé nach rachfach sé thar an teach gan dul isteach. Tháinig sé go dtí an doras agus bhuail crag air. Sé an freagra a fuair sé ná nach bhféidir leis a dhul isteach agus an rud a bhí ag iomchur aige . Bhí paca cártaí ina phóca aige agus chaith sé siar thar a chloigeann iad. D'osgail an doras agus isteach leis. Bhí go leór daoine istigh agus bhí aithne aige orra agus go leor eile nach raibh aithne aige orra. Bhí cuid de na daoine ag tigheacht go dtí é agus ag fiafruigh dhe caide ó cailleadh é. "Níor cailleadh mise chor ar bith" ar seisean. Ní raibh sé i bhfad istigh nuair a tháinig ochtar fear isteach agus conthra aca. Thosuigh gach dá raibh istigh ag breathnú síos san gconra. "An miste dhom-sa breathnú síos innte" arsa Tomás. "Ní miste" ar siadsan. Nuair breathnuigh sé síos innte ní fhaca sé aon bean ariamh a bhí chóimh breágh léithí. D'fiafruigh sé do'n ceannaire a bhí ann an dtiubhradh sé an bean do'n fear a bhfearr a bhí in ann i throid. "Tiubhradh" ar seisean "mar ní féidir nó tá fear eicínt ar trí chéad fear níos fearr na tusa. Bhí go maith is ní raibh go h-olc. Bhí Tomás dá dtroid ó dhuine go duine gur beagnach go raibh gach marbhú aige. Dubhairt an ceannaire "caith amach é féin agus an bean nó beidh gach duine marbhú. Leis an gcainnt sin caitheadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Cadhain
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    Athenry, Co. Galway
    Informant
    Bríghid Ní Conghailligh
    Gender
    Female
    Address
    Tír an Fhia, Co. Galway