School: Baile Rua (Buachaillí)

Location:
Ballyroe, Co. Galway
Teacher:
Pádraig Mac Crosáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0014, Page 020

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0014, Page 020

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Rua (Buachaillí)
  2. XML Page 020
  3. XML “Riddles”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí buachall ann aon uair amáin agais fuair sé tógáil maith. Cuir a athair ar sgoil é agus nuair a bhí sé in-am aige stap abhaile. Oidhche amáin do thosuigh a atair ag cáinnt leis agus dúbhairt sé leis a Seáin cé ba maith leat a bheith anois. Dúbhairt seán ba maith liom beith in mo gádaigh agus tá múinntheór agam agus tá sé ag múineadh dom an caoi a mbeidh mé in mo gádaigh maith. D'fhág sé tighe a athair annsin agus chuaidh sé leis an múinnteór. Lá amáin bhí an beirt acha in-a shuidhe ar claidhe ag chaitheamh cigeréid agus chonnaic siad fear ag teachth chucha agus dúbairth an múinnteór Bhfuil tú indon an caora atá ag an bhfear sin a fhágháil. Dubhairt sé go mbéadh sé. Annsin dúbhairt sé lé na a múinnteór a cigeréid a cur amach. Chuaidh an buachall agus chaith sé a bhróg ar an mbóthair. Do shuidhe sé féin taobh istigh de'n claidhe. Nuair a tháinig an fear chomh fada leis an mbróg cuir sé a camg[?] síos ins an talamh agus d'fhág sé an caora in-a-aice. Annsin do thógh sé súas an mbróg agus dubhairt sé leis féin Ba maith liom an brógh eile a fhághail. Bhí an bróg sin ann tsálach. Bhí loch i bpairc cúpla céad slat uaidh agus chuaidh sé go dtí an loch leis an bróg sin a glanadh. Nuair a fuair an buachall an fear imthighthe do thógh sé an caora in éineacht leis. Igceann
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1525: The Master Thief
    Language
    Irish
    Informant
    Tomás Ó Reachtagáin
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    Kilnalag, Co. Galway