School: Árd Mhór

Location:
An Aird Mhóir, Co. Galway
Teacher:
Pádhraic Ó Gleasáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 217

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 217

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Mhór
  2. XML Page 217
  3. XML “Pósaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bíonn go leór dlighthe le pósaidhthe ag na sean ndaoine timcheall na h-áite seo. Ní maith leis na sean daoine a gclann pósadh ar an gcéad luain de'n mhí. Deir siad má bhíonn an lá go dona agus é báisteach nach mbeidh an t-adh orra agus má bíonn an lá go breágh go mbheadh an t-ádh agus an rath orra. Teigheann an fear go dtí an teach a bhfuil an bhean ann agus tugann sé ól leis agus déánann sé dálta fear an tighe beidh sé an mór leis agus é dhá mholadh agus é dhá mholadh feín agus é ag rádh go raibh sé án t-sidhbhir agus iarradh sé an inghean air. Má fhághann sé í gheobhfadh sé fear agus bean a sheasfas leó. Rachaidh siad go dtí an sagart agus pósaidh sé iad. Má bhionn lánúin saidhbhir ann tiubhradh siad deic punt don sagart agus má bhíonn siad bocht ní thiubhradh siad dó acht cúpla punt. Bíonn bánais acú an lá sin bíonn an cruinú ann. Bíonn ceól agus damhsa ins an teach ó theágheann siad ón bpósadh go dtí lár na bháireach. Bíonn ól agus ithe ann agus bíonn chuile duine dálta agus bíonn siad ag rádh amhráin agus ag damhsa. Nuair a bhíonn siad mí pósta teigheann an bhean go dtí an teach feín ar chuairt agus ar an gcuairt sin tugtar cuairt mhíosa. Nuair a bhíonns an bhean ag imteacht fághann sí spré. Tugann a hathair beighithche no airgead dí agus ar sin tugtar an spré. Ins na tíghthe a bhíodh na daoine ag pósadh fadó agus ní théighceach siad
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish