School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0253

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0253

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0253
  3. XML “Ridire na gCleas”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ag bualadh báire ann agus sheas sé ag féachaint ar na trí fhear déag dhá bualadh agus bhí aon fhear amháin ghá mbualadh ar fad.
    Tháinig sé san áit a rabhadar agus 'sé a mhac féin abhí ag bualadh na báire leis an gcuid eile.
    Chuir sé fáilte roimh an athair annsin.
    "Ó a athair" adeir, "sé níl aon fhágháil agat orm, "ní dheárna tú do ghnatha ceart nuair abhí tú ag déanamh margadh leisean níor iarr tú air mise thabhairt ar ais chugadh"
    "Is fíor" adeir an t'athair.
    "Anois," adeir an mac, "ní fheicfe tú mé anocht mar déanfar trí cholm déagh dhínn agus caithfear gráinne coirce ar an urlár chugainn agus déarfaidh Ridire na gCleas: "má aithnigheann tú do mhac orra sin gheobhadh tú é."
    "Ní bheidh mise ag ithe aon ghráinne agus beidh na cinn eile.
    "Beidh mise ' dul anonn is anall ag bualadh priocadh ar an gcuid eile de na colmaibh.
    "Gheobhaidh tú do roghan agus déarfadh tú leis gur mé thóghfas tú.
    "Sin comhartha bheirim dhuit sa gcaoi go n-aithneóchaidh tú mé imeasg na gcolaim eile."
    D'fágh an mac é annsin agus tháinig an feilméar isteach agus chuir an ridire fáilte roimhe.
    Dubhairt an sean-fhear go dtáinig sé ag iarraidh a mhic, "nuair nach dtug tú ar ais chugam é i gcionn an lá agus bliadhain."
    "Níor chuir tú sin ins an margadh" arsan Ridire, "acht ó tháinig tú chomh fada sin ghá iarraidh caithfidh sé a bheith agad, má's féidir leat é toghadh amach."
    Thug sé isteach annsin é go dtí seómra a raibh trí cholam déag ann agus dubhairt sé leis a rogha colam a toghadh amach agus dhá mbadh é a mhac fhéin do thoghfadh sé go bhféadfadh sé é chonghbháil.
    Bhí na cuilm ar fad ag piocadh an choirce de'n urlár acht aon cheann amháin do bhí gabháil thart agus ag bualadh priocadh ar an gcuid eile aca.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0325: The Magician and his Pupil
    Language
    Irish
    Collector
    Mairghréad Ní Chualáin
    Gender
    Female
    Informant
    Nóra Ní Chualáin
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Female
    Age
    93
    Address
    Baile na hAbhann, Co. Galway