School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0254

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0254

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0254
  3. XML “An Caisleán Draíochta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Ansin bhí sé ina lá agus d'airigh sé an coileach ag glaoch. Ansin bhí gach rud chomh ciúin leis an uaigh tar éis a dúnta. Bhí an caisleán tógtha ó dhraíocht aige.
    Chuaigh sé chuig an Rí ansin agus bhí an Rí an-sásta. Ach dúirt an fear nach raibh a fhios aige fós cén ní faitíos agus go gcaithfeadh sé é a fháil amach. Gheall iníon an Rí dó dá bpódfadh sé í féin go n-inseodh sí dó céard é féin. Phós agus aon oíche amháin dáraibh sé ina chodladh fuair an bhean buicéad froganna agus dhoirt sí anuas ar bholg a fir iad. Dhúisigh sé de gheit agus ba bheag nar cailleadh leis an bhfaitíos é nuair a d'airigh s na rudaí fuara ag snámh ar a bholg agus má tá bréag ann ní mise a chum í.
    A chríoch sin - 'an fear nach raibh afhios aige céard é faitíos'
    Níl fear dá fheabhas nach bhfaighidh a chomharba uair eicínt
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Ní Churraoin
    Gender
    Female
    Informant
    Maitiú Ó Curraidhin
    Gender
    Male
    Age
    67
    Address
    An Chloich Mhóir Thuaidh, Co. Galway