School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Do bhí sé ar an bhfear a bfhearr san áit ag caitheamh cloch. Nuair a chaitheadh na fir eile ní chuiridís leath bealaigh go dtí é.
'Sé Micil Sheáin Phádraic an fear a b'fhearr ag ritheacht rásaí annso. Bhí sé i ndan chúig mhíle dhéag a chur dhe treasna thrí dhroch-bhealach agus é 'na throsgadh go dtaghadh sé abhaile. Is minic a bhíonn na sean-daoine ag cur síos ar ghaiscí móra a bhíodh sé a dhéanamh agus chomh maith agus a bhíodh sé.
Bhí Seán Phádraic Liam go maith ag rith freisin acht ní raibh sé chomh maith le Micilín. Is minic a cloisinn na sean-dhaoine ag cur síos air sin freisin. Is minic do rug Micilín Sheáin Phádraic ar ghirrfhiadh sa rith acht ní raibh aon duine chomh maith le Micilín. Sé Peadar Eibhistín (Aidhbhistín) an fear is fearr ag siubhal thart annseo Is iomdha maidin a shiubhail sé fiche míle ag imtheacht agus fiche míle ag teacht. D'fhágadh sé an teach ag a sé a chlog ar maidin agus bheadh sé sa mbaile ar a h-ocht a chlog aríst. Is iomdha fear eile a raibh cáil mhór faoi shiubhal orra agus shíl siad é a dhéanamh acht thóigfead sé lá fada Samhraidh orra ghá dhéanamh.
Bhí bean ann darbh ainm Bairbre Mhór agus ní raibh cur síos ná innsint sgéil ar a cuid turais. Is iomhdha lá a shiubhail sí dhá fhichead míle agus ualach trom ar a druim aice.
Tá fear eile san áit agus tá sé ar an seanchaidhe is fearr in áit ar bith sé'n t'ainm atá ar Larry (Larry Ó Biaith)(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Fhágharta
- Gender
- Female
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway
- Informant
- Tomás Ó Fáthartaigh
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Male
- Age
- 22
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway