School: Cartúr Caol (Scoil Bhríde) (roll number 12945)
- Location:
- An Cartúr Caol, Co. Galway
- Teacher: T. Ó Cuinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Gnó ar bith a bhíonns le tosnú ag duine is maith leis dul 'na eadon ar an Aoine: ag deanamh tighe, tosnú ar obair an Earraigh an Aoine an lá ádhamhail. Tá an nós céudhna againn maidir le dul isteach i dteach nua no trosgán agus leabaidh a chuir ann.
Má bhíonn le cuir amach ar an sliabh ag duine éigin an Aoine an lá atá ceaptha amach réir nós.
Laetheannta airithe
Lá Fhéile Stiofáin. Oidhce an mhór le damhsaí agus ceol againn an oidhce sin. Ní theigheann na buachaillí thart anseo le dreóilín agus deireann na sean dhaoine nach raibh sé go nos aca aon uair.
Lá chrosta na bliadhna an t ochtmhad lá fichead de mhí na Nodhlag, níl mórán trácht anois ar an lá sin acht deir na sean daoine go mbíodh trácht air fadó agus gur i gcuimhne ar na naoidheanáin naomhtha a mharbhuigh Herod fadó a bhíodh cainnt air. Níor mhaith leó obair ar bith a thosnú an lá sin acht níl aon trácht ar an lá sin le blianta fada.(continues on next page)- Informant
- Peadar Ó Concannáin
- Gender
- Male
- Address
- An Cartúr Leathan, Co. Galway