School: Cartúr Caol (Scoil Bhríde) (roll number 12945)

Location:
An Cartúr Caol, Co. Galway
Teacher:
T. Ó Cuinn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0071

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0071

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cartúr Caol (Scoil Bhríde)
  2. XML Page 0071
  3. XML “Na Fataí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Cuireann muinntir an bhaile fataí chuile bhlian acht ní bhionn an obair sin chomh heasgaidh is bíonn sé in áiteacha eile mar is le láidhe amháin a deantar é; tá na garraidheanta ró bheag agus iomarca clocha uachtair ann.
    Siad na buachaillí agus na fir a deanann an obair annseo. Fághann siad dorugha agus sineann é agus baineann agus iompuigheann siad fóidín éadtrom no feirbín mar comhartha le haghaidh an iomaire agus na díogán no claisreacha.
    Annsin leanann siad mar sin go mbíonn an garraidhe socruighthe aca, - sé sin na h iomairí ar fad breacaighthe ar an talamh bán. Baineann siad feamuinn annsin agus sgarann siad ar an talamh í - sin an chéad leasú a theigheanns air. Cuirtear aoileach os a cionn sin agus siad na mna is mó a sgarann amac an fheamuinn agus an aoileach. Sgarann
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. potatoes (~2,701)
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Ní Choisdealbha
    Gender
    Female
    Address
    Cor na Rón, Co. Galway