Scoil: Sonnagh (cailíní agus buachaillí)

Suíomh:
Sonnagh Old, Co. Galway
Múinteoir:
Úna Bean Uí Mhuireadhaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0059, Leathanach 0323

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0059, Leathanach 0323

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sonnagh (cailíní agus buachaillí)
  2. XML Leathanach 0323
  3. XML “An Chuigeann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Cuigeann
    San áit seo tugtar cuinneóg ar an gléas in a bhfuil cuigeann deanta. Níl acht cúpla sean cuinneóg ag na daoine anois. Tá ceann aca 3 troigh go leit ar aoirde agus ceann eile 2 throigh is seacht n-órlaig ar aoirde, agus tá siad timceall troigh go leith ar faid in a mbun agus in a mbarr. Níl na daoine cinnte án fada ó deineadh iad. Tugtar líonán (dash) agus clár (cover) ar gleiseanna na cuinneóige.
    Déantar im uair sa tseachtmhain sa t-Samhradh agus uair sa gcoichidis sanGeimhreadh. Déantar cuigeann le líontige agus má thagann stróinséir isteach le linn na cuiginne béigin dó greas na cuiginne a dhéanamh ar eagla go dtiubradh sé rath bainne agus ime uatha. Deirtear cuid des na daoine go mbíonn cuigeann á dhéanamh ar fead leath-uair agus cuid eile ar feadh uaire. Deirtear go léir go mbíonn sé nios fuide agus níos deachra á dhéanamh sa Gheimhreadh na sa tSamhradh. Oibrightear na lámha le na linn. Oibrightear an lionighe síos suas i cuid des na tighthibh agus ó thaobh go taobh no timcheall i bhfainne san gcuid eile aca.
    Aithnightear go mbionn an chuigeann déanta mar feichtear grainne ime ar an gclúid.
    Is mar seo a déantar an cuigeann no maistreadh. Fágtar an bainne imbáisín agus tagann uactar air. Fágtar mar sin go ceann lae nó dhó é go dtí go mbíonn an t-uactar tagaithe ar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. butter and churns (~3,280)
    Teanga
    Gaeilge