School: An Cheapach (roll number 14508)
- Location:
- Cappagh, Co. Galway
- Teacher: Seosamh G. Ó Cléirigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cheapach
- XML Page 0104
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Siad na h-ainmidhthe feirme ata againn sa mbaile ná, capall, asal, ba, caorigh agus gabhar.
Cró na mbó a thugannmid ar an teach in a gcodluigheann na ba. Tuighe agus luachra a chuirimid mar easair faoi na buaibh. Ceanglainnmid na ba le slabhraí atá greamuighe le píopa adhmuid sráidhte isteach san balla nó san talamh. Cuirtear an slabhra thart ar a muinéalaibh.
Ceangluightear na gamhna le píosa rópa timcheall a gcosaibh. Ní déantar an ceangal san áit seo. Nuair a bhíonn duine ag moladh bó, agus gan beannacht Dé a chur léithí, má thárluigheann aon rud do'n bhuin sin deirtear gur thug an duine sin "droch [?] uirthí. Taréis laogh do breith ag bó ins an gceanntar seo, téigheann an fear agus a bhean amach agus tugann siad an coineal beanuighthe leó. Tugann siad splannc leó freisin agus lasann siad an coinneall ins an gcro. Dóghann siad cuid den fionnadh den muin agus deireann siad "Go dtugaidh Dia slán na maithreach"(continues on next page)- Collector
- Úna Ní Fhinnearáin
- Gender
- Female
- Age
- 15
- Address
- Boggauns, Co. Galway