Scoil: Tamhain (uimhir rolla 15679)

Suíomh:
Tawin Island, Co. Galway
Múinteoir:
C. Bean Uí Thréinfhir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0283

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0283

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tamhain
  2. XML Leathanach 0283
  3. XML “Amadán an Bhréidín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amadán an Bhréidín.
    Bhí bean 'na comhnuidhe taobh thiar de Ghaillimh. Bhí sí boct, ní raibh morán cuid ná maon a' t-saoghail aici. Bhí sí pósta ach anois bhí an fear caillte. Ní raibh muirghín ná tuirghín uirthí cé's móite d'aon mhac amháin agus bhí sé sin 'na amadán nó geall leis. Ní raibh aon gas ann mar ba cóir ann. Ní raibh aon t-slighe maireactála ag an mnaoi boct ach ag déanamh bréidín agus flainín agus á dhíol ag margadh na Gaillimhe. Ar chaoi ar bith bualadh suas tinn agus breoite í. Bhí ró-chlaidhte le dul ar an margadh agus bhí carnán mór bréidín déanta aici. Ní raibh fhios aici céard a dhéanfadh sí. Bhí sí igcruaidh-cás mar ná raibh airgead ná ór maon ná stór aici ach an bréidín amháin.
    Tá sé ráidhte "nuair is cruaidh do'n cailleach caithfidh sí rith." An t-é nach bhfuil slighe aige caithfidh sé seift a dhéanamh ba fhearact sin do'n seanbhean é. Nuair a bhí sí igruaidh-chás caithfidh sí rud éigin a dhéanam. D'iarr sí ar an mac
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Fathaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    63
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Tawin Island, Co. Galway