School: Clochar na Trócaire (Newtownsmith)
- Location:
- Newtownsmith, Co. Galway
- Teacher: Sr M. Colmán
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is contabhairteach an rud capall a cheannsú. Nuair a bhíos muintir na tuaithe ag ceannsú capall fághann siad béalmhach agus cuireann siad ar an gcapall é. Ceanngluigheann siad faoi an gcárr é. Líonann siad an cárr le clócha ná le aoileach. Teigheann duine amháin dá chinnireacht agus corr-uair beirt. Teigheann duine eile taobh thiar den chárr agus beireann sé ar an sriain. Bíonn greim daingean aige ionnus go bhfanfadh sé socair.Bíonn faithchíos ar na daoine go ritheadh an capall agus sin é an fáth a gcuirtear ualaighe ortha. Tar éis seachtmhaine nó mar sin cuireann siad an chéacht air agus bíonn duine dhá cinnireacht i gcomhnaidhe. Bíonn siad ag obair leis mar sin chuile lá go mbíonn sé chómh tuirseach is nách mbeidh sé i ndon rith.Tar éis míosa nó mar sin, bíonn clearcad maith aige ar an obair agus fanann sé go socair faoin gcárr nó an chéacht nó an chliach agus bíonn muinghín ag an bfheilméar as. Cuireann sé isteach sa stábla gach oíche san nGeimhreadh. Cheanglaigh éann sé le adhastar don rása é agus tugann(continues on next page)
- Informant
- Stiophán Ó Briain
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Address
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. Galway