School: Clochar na Trócaire (Newtownsmith)
- Location:
- Newtownsmith, Co. Galway
- Teacher: Sr M. Colmán
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Cuirtí gach rud a bhí ag an duine sin sa tuamba leis, mar cheap na daoine go mbeadh siad ag teastáil uaigh tar éis a báis.
Tá sean-reilig i gCoill-Uachtair nár cuireadh aoinne ann le céad bliadhain anuas tuairim. Tá sé chomh fada ó shoin ó cuireadh aoinne ann nach cuimneach le na daoine cé h-é an duine deire a cuireadh ann.
Cuirtí na páistí nár baisteadh ariamh i reilig dóibh féin. "Lisín" a tugtar ar an áit sin. In áiteacha, cuirtear i reilig dóibh féin iad, ach cuirtear na daoine in aice leo in áiteacha eile. Cuirtear na daoine in aice leo ambaile seo againne anois.
Cuirtear cuid de na daoine anois i reilgí iasachta. Amannta tugtar bean-phósta abhaile go dtí a h-áit dhuthchais le'n a cur tar éis a báis, mar ba maith lei bheith curtha in aice le'n a gaoltaí féin.
Deirtear go bhufuil leabaidh Pádraic i reilg Múr-ros-cam. Deirtear freisin go raibh Cathaoir Pádhraic ann freisin ach gur tugadh as-onóir dó agus d'eirigh sé san aer agus chuaidh sé treasna thar an uisge go Conntaé an Chláir agus tá sé in áit éigin ann fós ach ní fios do na daoine cé'n áit é.- Informant
- Stiophán Ó Briain
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Address
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. Galway