Scoil: Clochar na Trócaire (Newtownsmith)
- Suíomh:
- Newtownsmith, Co. Galway
- Múinteoir: Sr M. Colmán
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Trócaire (Newtownsmith)
- XML Leathanach 0004
- XML “Éadaí”
- XML “An Táilliúir”
- XML “Píosa faoin bhFíodóir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dubha agus breaca. Caitheann na cailíní óga córaí móra de gach sórt agus bíonn gúnaídeasa orra freisin. Gach lá eile den t-seachtmhain bíonn sean-ghioballacha d'éadaigh ar gach duine. Bíonn sean-chóraí dearga ar na sean-mhná agus cuid acu dhá dtarraingt ina ndiaidh ins na lathaigh agus bíonn na fir agus na buachaillí is na cailíní ar an gcaoi chéadhna, ach caithfidh siad a gcuid oibre a dhéanamh is cuma cén chaoi a bheas siad.
- Cualas píosa faoin táiliúr ag m’athair. Seo é é. A tháilliúr is mhacaidh! Nach sundaí a d’fhiafrthá bean, gan lúb, gan poca, ná níbh ar bith eile in do theach. Ach do shiosúr, is do mhiosúr is tú a’ dul faoin tír amach. A tháilliúr a’ mhachaidh, ní phósfaidh mé tú mar fhear, ach pósfaidh mé an talmhaidhe a chuireas go domhain a teach a eirfheas ar maidin, is a chraithfeas an t-slí i gceart, is nach suicheann cois doras a feadaithl nó a puaiceadh na gceart.
- "Maith í an óil ag fear caitheadh na spóil,
An figheadóir is Mac Muire dhá chúmhdach;
'Sé chuirfeadh brat bán ar fir is ar mhná
In a gcodhladh, in a seasamh, is in a ndúiseacht.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Stiophán Ó Briain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62
- Seoladh
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. Galway